Ainm: | Joe Ghracie Mac Daeid | |
Áit Chónaithe: | Cluain tSaileach, Na Dúnaibh |
Áit Dúchais: | Cluain tSaileach, Na Dúnaibh |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Imirce |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Imirce go hAlbain – bhí a athair curtha san am sin agus bhí a mháthair beo go fóill. Bhí Seosamh ag obair ar fheirm agus bhíodh siad amuigh san aimsir fhliuch ach cha raibh an pá iontach maith. Cruacha móra féir agus mataí móra coirce le hiompair. Bhí an obair crua. Chuaigh siad anonn i 1952 agus bhí an pá £7 sa tseachtain. Thiocfadh leo suas le £14 a dhéanamh le ragobair. Ag toiseacht ar a seacht a chlog ar maidin. An caitheamh aimsire a bhí acu ag an deireadh seachtaine le daoine as an bhaile, tráthnóna Dé Domhnaigh ag damhsa agus araile. Bhí lóistín maith agus tréan bia acu. Scríobh sé chun an bhaile achan seachtain agus chuir se airgead chun an bhaile fosta. Tháinig sé chun an bhaile ar saoire agus d’imigh a dheartháir go Meiriceá agus bhí a mháthair ag iarraidh air fanacht sa bhaile agus mar sin de d’fhan sé. | 00:05:04 | |
Ag gabháil go hAlbain ar bhád Dhoire. Píosa maith le siúl le do mhála agus lá i nDoire ansin ag fanacht leis an bhád. Bhí an bád garbh salach, bhí eallach ann agus bhíodh daoine tinn gan áit le suí. Fuair Seosamh bus go Dún Éidin ansin mar bhí deirfiúr agus deartháir s’aige ina gcónaí ansin – bhí a dheartháir ábalta treoir a thabhairt dó. | 00:03:01 | |